Tá Mo Chleamhnas A Dhéanamh

Tá mo chleamhnas 'a dhéanamh inniu agus inné
'S ní mó ná go dtaitníonn an bhean udaí liom féin
Ach fuígfidh mé mo dhiaidh í, 's rachaidh mé leat féin
Síos fána coille craobhaigh

'Mo codladh go h-eadarshuth b'aite liom féin
Leabaí luachair a bheith faoi mo thaobh
Buideal brandaí a bheith faoi mo cheann
'S mo chailín deas óg 'bheith ar lámh' liom

Shiúil mise thoir agus shiúil mise thiar
Shiúil mise Corcaigh 'gus sráideanna Bhaile' Cliath
Macasamhail mo chailín ní fhaca mise riamh
'Sí 'n bhean í a d'fhág mo chroí cráite


Taal: Engels